Dia dhaoibh a chairde, is muidne rang a cúig M. Fíona ó Ghaelscoil na gCloch Liath. Táimid rúinín beag mall ag cur rudaí in airde ar ár leathanach, ach mar a deirtear, is fearr go mall ná go brách!
Bhaineamar taitneamh as an obair ar fad a bhí ar siúl againn ar thimthriall an uisce.
Chruthaíomar mionsamhail de ghairdín choille chun imscrúdú a dhéanamh ar na próisis de ghalú agus de chomhdhlúthú. Bhaineamar úsáid as nithe nádúrtha a bhí mórthimpeall clós na scoile chun an gáirdín a chruthú. Scríobhamar síos ár gcuid hipitéis inár gcóipleabhair eolaíochta.
Coinneoimid súil ar an ngairdín choille seo agus ar na hathruithe a thagann ar de réir a chéile, agus déanfaimid taifead ar na torthaí.


Turgnamh – Mionsamhail de ghairdín choille