Rinneamar athbhreithniú ar an méid a bhí ar eolas againn faoi thimthriall an uisce le déanaí.

Scríobhamar faoin bpróiseas agus tharraingíomar léaráid inár gcóipleabhair OSIE.

Ansin bhí deis againn mar cheacht ealaíne a bheith ag obair le chéile chun taispeántas ranga a chruthú, ag baint úsáid as réimse ábhair ealaíne a bhí againn sa seomra ranga.

Tá tuiscint againn nach bhfuil ach stór amháin uisce ar domhan, agus go bhfuil uisce riachtanach do gach dúil bheo.  Nasc sé seo leis an méid oibre a bhí ar siúl againn mar scoil ar athrú aeráide agus na bealaí go féidir linn mar phobal an staid a fheabhsú.

cof

dav
dav
dav
dav
dav
Timthriall an Uisce