D’fhágamar uisce ag sileadh ón sconna inniu i rith am lóin fad is a bhíomar ag spraoi sa chlós.  Nuair a thángamar ar ais 30 nóiméad níos déanaí, bhí ionadh an domhain orainn faoin méid uisce a bhí bailithe sa soitheach.  Bhí nach mór 900ml bailithe ann! D’oibríomar amach gurb é sin thart ar 30ml an nóiméad!  Chuir sé seo béim níos mó fós ar thábhacht caomhnú uisce dúinn, gan dabht!

Caomhnú Uisce