dav
dav

cof

Thugamar aghaidh ar fhínscéalta na hÉireann i rith na seachtaine mar réamhrá ar shaol ré an bhradán.  Bhaineamar úsáid as mentimeter chun tobsmaointeoireacht a dhéanamh ar phríomh fhocail agus frásaí an scéil.  Don obair neamhspleách, scríobhamar an scéal agus mhaisíomar ár gcuid scéalta lenár rogha léaráidí.  Beidh deis againn an scéal a léamh do ranganna eile le linn Seachtain na Gaeilge.

Shocraíomar ar thaispeántas ranga eile a chruthú don ealaín.  Tharraing duine de na cailíní sa rang imlíne den mbradán feasa, agus líonamar é lenár gcuid rogha pictiúir a chruthaíomar ag baint úsáid as cailc/pastels.  Bhaineamar an-sult as an obair seo agus táimid fíor-bhródúil as ár gcuid taispeántas!

An Bradán Feasa!